8 Rinne tú ríthe a ungadh le díoltas a imirt,agus fáithe le bheith ina gcomharbaí ort.
9 Tógadh suas ar neamh thú le tine ghuairneáin,i gcarbad a bhí á tharraingt ag capaill tintrí.
10 Ainmníodh thú sna bagarthaí brátha le teachtchun fearg an Tiarna a mhaolú roimh an rabharta,chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith a gclainne,agus chun treibheanna Iacóib a athbhunú.
11 Is méanar dóibh siúd a fheicfidh thú,agus iad siúd a chuaigh chun suain sa ghrá,óir mairfimidne beo chomh maith.
12 Folaíodh Éilias i ngaoth ghuairneáin,ach líonadh Eilíseá lena spiorad;i gcaitheamh a shaoil níor fhéad aon rialtóir é a shuaitheadh;ná níor éirígh le haon duine é a chur faoi smacht.
13 Ní raibh aon obair róthrom dó,agus fiú nuair a bhí sé marbh rinne a chorp tairngreacht.
14 Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,agus b'iontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.