1 Is geall le meascán túise a sholáthraighceird an chumhradóra, cuimhne Ióisiá;tá blas na meala uirthi i mbéal gach n‑aon,agus is cuma í nó ceol ag fleá fíona.
2 Ghabh sé an cúrsa ceart ag iompú an phobail,agus scuab sé chun siúil na gráiniúlachtaí coiriúla.
3 Dhírigh sé a chroí ar an Tiarna;dhaingnigh sé an chráifeacht i ré na haindiagachta.
4 Seachas Dáiví, Hiziciá agus Ióisiá,rinneadar uile peaca ar pheaca;de bhrí gur thréigeadar dlí an té is Airde,chuaigh ríthe Iúdá ar ceal.
5 Óir thugadar a gcumhacht do dhaoine eile,agus a nglóir do chine deoranta.
6 Dódh an chathair thofa, cathair na naofachta,agus bánaíodh a sráideanna,
7 [De réir] bhriathar Irimia; mar chiapadar eisean,cé gur naomhaíodh ina fháidh é i mbroinn a mhátharle stoitheadh agus ciapadh agus scrios a dhéanamh,ach tógáil agus plandáil chomh maith.