3 Dhírigh sé a chroí ar an Tiarna;dhaingnigh sé an chráifeacht i ré na haindiagachta.
4 Seachas Dáiví, Hiziciá agus Ióisiá,rinneadar uile peaca ar pheaca;de bhrí gur thréigeadar dlí an té is Airde,chuaigh ríthe Iúdá ar ceal.
5 Óir thugadar a gcumhacht do dhaoine eile,agus a nglóir do chine deoranta.
6 Dódh an chathair thofa, cathair na naofachta,agus bánaíodh a sráideanna,
7 [De réir] bhriathar Irimia; mar chiapadar eisean,cé gur naomhaíodh ina fháidh é i mbroinn a mhátharle stoitheadh agus ciapadh agus scrios a dhéanamh,ach tógáil agus plandáil chomh maith.
8 Eizicéil a chonaic fís na glóire,faoi mar a nocht [Dia] dhó í os cionn charbad na gceiribíní;
9 Óir chuimhnigh [Dia] ar a naimhde le tuile báistí,agus rinne maith don mhuintir a leanann na bealaí córa.