9 Óir chuimhnigh [Dia] ar a naimhde le tuile báistí,agus rinne maith don mhuintir a leanann na bealaí córa.
10 Maidir le cnámha an dáréag fáidh,go dtaga bláth orthu mar a bhfuil siad ina luí;óir thug siad sólás do mhuintir Iacóib,agus d'fhuascail iad le muinín agus dóchas.
11 Conas a mhórfaimid Zarubáibil?Ba gheall le fáinne séala é ar an láimh dheas;
12 Ba é an scéal céanna é ag Iósua mac Iahósádác;thóg siad an Teampall ina laethantaagus chuir siad suas sanctóir don Tiarna,a raibh glóir shíoraí i ndán dó.
13 Is daingean í cuimhne Nihimiá chomh maith;d'ardaigh sé dúinn na ballaí a bhí ar lár:chuir sé suas geataí agus barraí,agus d'atóg fothracha ár dtithe.
14 Níor cruthaíodh aon duine mar Eineoc ar talamh,óir tógadh suas ón talamh é.
15 Níor rugadh aon duine riamh mar Iósaef,(ceannaire a dheartháireacha agus taca a phobail);tugadh aire dá chnámha.