1 Ba é Simeon an t‑ardsagart, mac Óinias,[ceannasaí a bhráithre, agus bród a mhuintire;]dheisigh sé an Teampall lena linnagus dhaingnigh sé an sanctóir.
2 Leag sé an bonn faoi na ballaí arda dúbailte,agus an balla taca le clos an Teampaill.
3 Lena linn tochladh sistéal d'uisce,taiscumar a raibh a thimpeall mór mar an fharraige.
4 Le hintinn a mhuintir a fhuascailt ó dhíothú,dhaingnigh sé an chathair le léigear a sheasamh.
5 Nár thaibhseach a bhíodh sé agus an pobal ina thimpeall,agus é ag teacht amach ó shanctóir an bhrait.
6 Mar réalta na maidine i measc na scamall,mar an ghealach agus an ré lán;
7 Mar an ghrian ag taitneamh ar Theampall an té is Airde,mar an bogha síne ag glioscarnach i néalta glóire.