10 Mar chrann ológ ag sceitheadh a thoraidh,mar chufróg ag éirí chun na néalta.
11 Nuair a chuireadh sé air féin a éide ghlóireagus a ghléasadh sé é féin le barr maise,agus a ghabhadh suas ar an altóir bheannaithe,agus a líonadh sé cúirt an tsanctóra lena ghlóir,
12 Agus a gheibheadh sé na míreanna ó lámha na sagart,agus é ina sheasamh ag teallach na haltóra,agus coróin dá bhráithre ina thimpeall,ba gheall é le céadar óg sa Liobáin,agus iad ina thimpeall mar a bheadh stocanna pailme.
13 Nuair a sheasadh clann uile Árón ina nglóiragus ofrálacha an Tiarna ina lámha,os comhair chomhthionól Iosrael go léir,
14 Agus eisean ag cur críoch leis an tseirbhís ag na haltóirí,agus ag cóiriú na híobartha don Té is Airde, an tUilechumhachtach,
15 Agus ag síneadh a láimhe chun an chupa,agus ag doirteadh ofrála de shú na fíniúna,á doirteadh ag bonna na haltóra,mar íobairt chumhra don Té is Airde, do Rí na nUile.
16 Ansin dhéanadh clann Árón liú,agus shéididís na trumpaí de mhiotal líofa;dhéanaidís tormán tréanmar chuimhniú i láthair an té is Airde.