14 Agus eisean ag cur críoch leis an tseirbhís ag na haltóirí,agus ag cóiriú na híobartha don Té is Airde, an tUilechumhachtach,
15 Agus ag síneadh a láimhe chun an chupa,agus ag doirteadh ofrála de shú na fíniúna,á doirteadh ag bonna na haltóra,mar íobairt chumhra don Té is Airde, do Rí na nUile.
16 Ansin dhéanadh clann Árón liú,agus shéididís na trumpaí de mhiotal líofa;dhéanaidís tormán tréanmar chuimhniú i láthair an té is Airde.
17 Ansin thiteadh an pobal go léir gan mhoill,ar a mbéal is ar a bhfiacla ar an talamhag adhradh a dTiarna,an tUilechumhachtach, Dia Ró-Ard.
18 Mholadh na cantairí é in ard a gcinn,agus ba bhinn é claisceadal a nguthanna,
19 Bhíodh an pobal ag guí chun an Tiarna Ró-Aird,agus iad ag impí i láthair an Trócairigh,nó go mbíodh an clabhsúr ar sheirbhís an Tiarna,agus an liotúirge thart acu.
20 Ansin thagadh sé anuas agus d'ardaíodh a lámhaos cionn comhthionól uile chlann Iosrael,le beannacht an Tiarna a ghuí orthu óna bheola,agus mórtas a dhéanamh as a ainm.