17 Ansin thiteadh an pobal go léir gan mhoill,ar a mbéal is ar a bhfiacla ar an talamhag adhradh a dTiarna,an tUilechumhachtach, Dia Ró-Ard.
18 Mholadh na cantairí é in ard a gcinn,agus ba bhinn é claisceadal a nguthanna,
19 Bhíodh an pobal ag guí chun an Tiarna Ró-Aird,agus iad ag impí i láthair an Trócairigh,nó go mbíodh an clabhsúr ar sheirbhís an Tiarna,agus an liotúirge thart acu.
20 Ansin thagadh sé anuas agus d'ardaíodh a lámhaos cionn comhthionól uile chlann Iosrael,le beannacht an Tiarna a ghuí orthu óna bheola,agus mórtas a dhéanamh as a ainm.
21 Shléachtadh an pobal arís,leis an mbeannacht a ghlacadh ón Te is Airde.
22 Beannaigí Dia na nUile anois,an té a dhéanann éachtaí i ngach treo,agus a mhórann ár ré ón mbroinn,agus a phléann linn de réir a thrócaire.
23 Go dtuga sé dúinn lúcháir chroí,agus síocháin lenár linnin Iosrael mar a bhí anallód.