21 Shléachtadh an pobal arís,leis an mbeannacht a ghlacadh ón Te is Airde.
22 Beannaigí Dia na nUile anois,an té a dhéanann éachtaí i ngach treo,agus a mhórann ár ré ón mbroinn,agus a phléann linn de réir a thrócaire.
23 Go dtuga sé dúinn lúcháir chroí,agus síocháin lenár linnin Iosrael mar a bhí anallód.
24 Go gcuire sé an trócaire inár n‑iontaoibh,agus go bhfuasclaí sé sinn lenár linn.
25 Tá fuath i mo chroí do dhá náisiún,agus ní náisiún an tríú ceann ar aon chor:
26 Áitritheoirí [Shliabh Shaeír] agus na Filistínigh,agus an mhuintir bhaoth atá ag cur fúthu i Seicim.
27 Scríobh mé teagasc ar an eagna agus ar an eolas sa leabhar seo,mise, Íosa mac Shíorach, mac Eileázár ó Iarúsailéim,a dhoirt an eagna go flaithiúil óna chroí.