4 Le hintinn a mhuintir a fhuascailt ó dhíothú,dhaingnigh sé an chathair le léigear a sheasamh.
5 Nár thaibhseach a bhíodh sé agus an pobal ina thimpeall,agus é ag teacht amach ó shanctóir an bhrait.
6 Mar réalta na maidine i measc na scamall,mar an ghealach agus an ré lán;
7 Mar an ghrian ag taitneamh ar Theampall an té is Airde,mar an bogha síne ag glioscarnach i néalta glóire.
8 Mar rósanna i laethanta na gcéadtorthaí,mar lilí le hais thobar uisce,mar phéac glas na Liobáine in aimsir bhrothaill;
9 Mar thine agus túis sa túisteán,mar áras d'ór ceardfaoi ornáid de chlocha lómhara de gach sórt;
10 Mar chrann ológ ag sceitheadh a thoraidh,mar chufróg ag éirí chun na néalta.