15 Óna blathú go dtí aibiú na fíniúnabhain mo chroí aoibhneas aisti;chuir mé mo chos ar an mbóthar díreach,agus tá a lorg á leanúint agam ó m'óige amach.
16 Chlaon mé mo chluas beagáinín agus ghlac mé léi,agus is mór ar fad an teagasc a fuair mé dom féin.
17 Tá dul chun cinn déanta agam léi;moladh leis an té thug an eagna dom.
18 Tá sé ar intinn agam mo shaol a chaitheamh dá réir;chuardaigh mé an mhaith go dúthrachtach,agus ní náireofar mé.
19 Tá comhrac déanta agam le hí a shealbhú;chomhlíon mé [an dlí] go cruinn beacht;shín mé mo lámha i dtreo na bhflaitheas,agus chaoin mé m'easpa eolais uirthi.
20 Leag mé m'intinn uirthi,agus fuair mé í le glaine chroí;fuair mé [tuiscint] ina teannta ó thús,agus dá bhrí sin ní thréigfear mé choíche.
21 Corraíodh an croí ionam le dul ar a tóir,agus dá bharr san fuair mé dea-fháltas.