20 Leag mé m'intinn uirthi,agus fuair mé í le glaine chroí;fuair mé [tuiscint] ina teannta ó thús,agus dá bhrí sin ní thréigfear mé choíche.
21 Corraíodh an croí ionam le dul ar a tóir,agus dá bharr san fuair mé dea-fháltas.
22 Thug an Tiarna teanga dom mar luach saothair,agus molfaidh mé é lena cabhair.
23 Tagaigí i mo chóngar sibhse atá gan teagasc,agus cuirigí fúibh i mo scoilse.
24 Cad ab áil libh ag gearángo bhfuil na nithe seo go mór de dhíth oraibh,agus go bhfuil tart chomh mór ar bhur n‑anam?
25 D'oscail mé mo bhéal agus dúirt mé:“Faighigí [na nithe sin] daoibh féin gan airgead;
26 Cuirigí bhur muineál faoin gcuing,agus glacadh bhur n‑anam le teagasc;tá sé le fáil taobh libh.