23 Tagaigí i mo chóngar sibhse atá gan teagasc,agus cuirigí fúibh i mo scoilse.
24 Cad ab áil libh ag gearángo bhfuil na nithe seo go mór de dhíth oraibh,agus go bhfuil tart chomh mór ar bhur n‑anam?
25 D'oscail mé mo bhéal agus dúirt mé:“Faighigí [na nithe sin] daoibh féin gan airgead;
26 Cuirigí bhur muineál faoin gcuing,agus glacadh bhur n‑anam le teagasc;tá sé le fáil taobh libh.
27 Féachaigí féin gur beag an saothar a rinne mé,ach gur mór an suaimhneas a fuair mé!
28 Faighigí teagasc daoibh féin le lab mór airgid,agus déanfaidh sibh a lán óir a ghnóthú tríd.
29 Déanadh bhur n‑anam gairdeas i dtrócaire [an Tiarna],agus ná bíodh náire oraibh choíche toisc é a mholadh.