4 Ón tine phlúchtach a bhí thart timpeall orm,ó cheartlár lasracha nár adhain mé féin,
5 Ó chraos domhain Sheól,ó theanga neamhghlan agus ó bhriathra éithigh,
6 Béadán a rinne teanga éagórach i m'aghaidh leis an rí;bhí mé i ndeireadh na feide,agus ag druidim liom síos go Seól,
7 Agus bhíothas ag teacht thart timpeall orm ar gach taobh,gan aon duine ann chun fóirithint orm;d'fhéach mé le cabhair a fháil ó dhaoine, ach ní bhfuair.
8 Ansin chuimhnigh mé ar do thrócaire, a Thiarna,agus ar na héachtaí a rinne tú riamh anall,ar an gcaoi a bhfuasclaíonn tú na daoinea bhíonn ag fanacht leat go foighneach,agus mar a tharrthaíonn tú iad ó chrúcaí a naimhde.
9 Chuir mé suas mo ghuí ón talamhagus ghuigh mé go bhfuasclófaí mé ón mbás.
10 Glaoigh mé chun an Tiarna, Athair mo thiarna:“Ná tréig mé i laethanta mo thrioblóide,in uain mo lagaíochta agus mé gan chabhair in aghaidh na n‑uaibhreach;molfaidh mé d'ainm gan stad,agus canfaidh mé laoithe molta dó.”