8 Ansin chuimhnigh mé ar do thrócaire, a Thiarna,agus ar na héachtaí a rinne tú riamh anall,ar an gcaoi a bhfuasclaíonn tú na daoinea bhíonn ag fanacht leat go foighneach,agus mar a tharrthaíonn tú iad ó chrúcaí a naimhde.
9 Chuir mé suas mo ghuí ón talamhagus ghuigh mé go bhfuasclófaí mé ón mbás.
10 Glaoigh mé chun an Tiarna, Athair mo thiarna:“Ná tréig mé i laethanta mo thrioblóide,in uain mo lagaíochta agus mé gan chabhair in aghaidh na n‑uaibhreach;molfaidh mé d'ainm gan stad,agus canfaidh mé laoithe molta dó.”
11 Éisteadh le mo ghuíagus d'fhuascail tú mé ón scrios,agus shaor tú mé ar uain na míchinniúna.
12 Ar an ábhar sin tabharfaidh mé buíochas agus moladh duit,agus mórfaidh mé ainm an Tiarna.
13 Nuair a bhí mé óg fós, sula ndeachaigh mé ag taisteal,d'i arr mé d'achainí i mo phaidreacha go dtabharfaí an eagna dhom.
14 Bhíodh sí á héileamh agam os comhair an Teampaill,agus beidh mé á lorg go dtí an deireadh.