11 Nuair atá ag éirí go maith leat, bíonn sé ar chomhchéim leat féin,agus déanann sé buannaíocht ar do chuid seirbhíseach.
12 Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.
13 Fan amach ó do chuid naimhde,agus bí ar d'aire ar do chairde.
14 Dídean dhaingean is ea cara dílis;an té a fhaigheann ceann, is stór atá faighte aige.
15 Níl malairt chuí le fáil ar chara dílis;ní féidir a luach a mheas.
16 Sláníoc na beatha is ea cara dílis;na daoine a bhfuil eagla an Tiarna orthu, gheobhaidh siad ceann.
17 An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanann sé cairdeas mar is cóir;óir, mar atá an duine, sin mar a bhíonn a chomharsa chomh maith.