2 Ná [géill] do thnúthán do chroí,le heagla go dtollfadh sé d'anam mar tharbh buile,
3 Agus go n‑alpfadh sé do dhuilliúr agus go geaillfeá do thorthaíagus go bhfágfaí thú mar chrann feoite.
4 Scriosann drochmhianach an té ag a bhfuil sé,agus déanann ceap magaidh de ag a naimhde.
5 Dá shéimhe an comhrá is ea is líonmhaire iad na cairde;dá dhea-mhúinte í an teanga is ea is iomadúla iad na dea-bhéasa.
6 Bíodh lucht aitheantais gan áireamh agat,ach ná bíodh ach duine as míle ina chomhairleoir agat.
7 Sula ndéanann tú cairdeas le duine, cuir tástáil air;ná cuir do mhuinín ann go róluath.
8 Tá cara atá ina chara nuair a oireann dó,ach ná seasfaidh le do thaobh in am an ghátair.