20 Nach garbh í don mhuintir gan mhúineadh,agus ní fada a fhanann an t‑éaganta ina fochair;
21 Luífidh sí air mar [dhearbhchloch] throm,agus ní dhéanfaidh sé moill ach í a chaítheamh de.
22 Óir tá an eagna de réir a hainm,agus ní léir dá lán í.
23 Éist, a mhic, agus glac le mo bhreith,agus ná diúltaigh do mo chomhairle;
24 Cuir do chosa ina laincisí,agus do mhuineál faoina cuing.
25 Cuir do ghualainn fúithi agus iompair í;agus ná bí ag tarraingt in aghaidh a srianta.
26 Tar chuici le lánchroí,agus cloígh lena cosáin le lán do nirt.