27 Déan í a thóraíocht agus a lorg, agus cuirfidh tú aithne uirthi;agus nuair a gheobhaidh tú greim uirthi, ná lig uait í.
28 Faoi dheireadh gheobhaidh tú suaimhneas inti,agus déanfar í a chlaochlú in aoibhneas duitse.
29 Beidh a laincisí ansin mar dhídean dhaingean agat,agus a ceanrach mar éide ghlórmhar.
30 Libhré óir atá uirthi,agus ribín gorm a srianta.
31 Caithfidh tú í mar a dhéanfá éide ghlórmhar,agus cuirfidh tú ar do cheann í, mar a dhéanfá coróin áthais.
32 Más mian leat é, déanfar thú a theagasc, a mhic,agus má chuireann tú chuige beidh tú ildánach.
33 Más breá leat bheith ag éisteacht, beidh foghlaim ortagus má bhíonn cluas le héisteacht ort, beidh tú eagnaí.