34 Déan freastal ar chomhthionóil na seanóirí;agus cloígh leis an eagnaí cibé é féin.
35 Éist le fonn le haon tuairisc a thagann ó Dhia,agus na scaoil aon seanfhocail ghaoise thar do chluasa.
36 Má fheiceann tú duine tuisceanach, tabhair cuairt air go luath;agus caith a thairseach le rian do choise.
37 Déan do mhachnamh ar orduithe an Tiarna,agus bí de shíor ag déanamh cúraim dá aitheanta;eisean a shoilseoidh do chroí,agus tabharfar duit an eagna lena bhfuil tú ag tnúth.