7 Sula ndéanann tú cairdeas le duine, cuir tástáil air;ná cuir do mhuinín ann go róluath.
8 Tá cara atá ina chara nuair a oireann dó,ach ná seasfaidh le do thaobh in am an ghátair.
9 Tá cara eile ann a thitfeadh amach leatagus a sceithfeadh ar an aighneas, rud a náireodh thú.
10 Tá cara eile fós ann a chaithfeadh béile i do chuideachta,ach nach seasódh le do thaobh ar uair na práinne;
11 Nuair atá ag éirí go maith leat, bíonn sé ar chomhchéim leat féin,agus déanann sé buannaíocht ar do chuid seirbhíseach.
12 Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.
13 Fan amach ó do chuid naimhde,agus bí ar d'aire ar do chairde.