10 Ná bíodh lagmhisneach ort i mbun d'urnaí,agus ná déan faillí sa déirc.
11 Ná déan ceap magaidh den té atá searbh ina chroí,óir tá neach ann a íslíonn agus a uaislíonn.
12 Ná beartaigh bréag in aghaidh do dhearthár,agus ná déan a leithéid in aghaidh do charad.
13 Ná hinis bréag ar bithóir ní théann nós an mbréag chun tairbhe.
14 Seachain an leadrán cainte i gcomhthionól na seanóirí;agus ná bí ag dul siar ar do phaidreacha.
15 Ná bíodh col agat le saothar dian,ná leis an bhfeirmeoireacht, rud a chruthaigh an Té is Airde.
16 Ná cuir le slua na bpeacach;cuimhnigh air nach ndéanann an fhearg moill.