16 Ná cuir le slua na bpeacach;cuimhnigh air nach ndéanann an fhearg moill.
17 Umhlaigh thú féin go talamh,mar is í an tine agus an chruimh pionós na n‑éagráifeach.
18 Ná reic cara ar shochar,ná bráthair dílis ar ór Óifír.
19 Ná tréig bean chríonna fhónta;óir is luachmhaire ná ór cluain a scéimhe.
20 Ná bí garg le seirbhíseach a dhéanann a ghnó go hionraic;ná le fostúch a thaobhaíonn é féin leat.
21 Bíodh cion ó do chroí agat ar sheirbhíseach eagnaí,agus ná tóg uaidh a shaoirse.
22 An bhfuil stoc agat? Tabhair aire dóibh;má tá siad ag dul chun sochair duit, coimeád iad.