19 Ná tréig bean chríonna fhónta;óir is luachmhaire ná ór cluain a scéimhe.
20 Ná bí garg le seirbhíseach a dhéanann a ghnó go hionraic;ná le fostúch a thaobhaíonn é féin leat.
21 Bíodh cion ó do chroí agat ar sheirbhíseach eagnaí,agus ná tóg uaidh a shaoirse.
22 An bhfuil stoc agat? Tabhair aire dóibh;má tá siad ag dul chun sochair duit, coimeád iad.
23 An bhfuil clann ort? Oil iad,agus crom a muineál don chuing óna n‑óige.
24 An bhfuil iníonacha agat? Tabhair aire dá gcorp,ach ná samhlaigh a bheith róbhog leo.
25 Cuir iníon i gcrích agus beidh beart mór déanta agat,ach tabhair d'fhear stuama í.