26 An bhfuil bean ar do mhian agat? Ná caith amach í,ach mura dtaitníonn sí leat, ná taobhaigh thú féin léi.
27 Tabhair onóir do d'athair ó do chroí go hiomlán,agus ná déan dearmad ar íona do mháthar.
28 Cuimhnigh gur tríothu a tháinig tú ar an saol,agus cén cúiteamh cóir a dhéanfaidh tú in a ndearna siad duit?
29 Bíodh urraim agat don Tiarna ó do chroí go hiomlán,agus tabhair ómós dá shagairt.
30 Bíodh grá agat do do chruthaitheoir ó do chroí go hiomlán,agus na tréig a mhinistrí.
31 Bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair urraim don sagart,agus tabhair dó a chuid mar atá ordaithe duit:na céadtorthaí, na híobairtí cúitimh, an ofráil ghuailleach,an íobairt naomhaithe agus céadtorthaí na nithe naofa.
32 Sín do lámh don bhochtán,le go mba fhoirfe do bheannacht.