14 Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta.
15 Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.
16 Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.
17 Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,
18 chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.
19 Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
20 Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.”