1 Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.
2 “A mhaithe,” ar sé, “iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.” “Ní dhéanfaimid,” ar siadsan, “ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.”
3 Ach d'áitigh sé go dian orthu agus chasadar abhaile leis agus chuadar isteach ina theach. Chóirigh sé béile dóibh, bhácáil arán slim dóibh agus d'itheadar bia.
4 Ach sula ndeachadar a luí, tháinig timpeall an tí fir na cathrach go léir idir óg agus aosta i Sodom, an pobal go léir gan easnamh fir.
5 Agus ghlaodar ar Lót á rá: “Cá bhfuil na fir a tháinig chugat anocht? Seol amach chugainn iad chun go mbainfimis sásamh astu.”
6 Chuaigh Lót amach sa doras chucu, agus dhún an doras ina dhiaidh,
7 agus dúirt: “A bhráithre, impím oraibh gan aon ní chomh holc sin a dhéanamh.
8 Féach, tá beirt iníon agam nár luigh le fear. Ligigí dom iad a thabhairt chugaibh amach agus déanaigí leo mar is mian libh. Ach maidir leis na fir seo, ná déanaigí aon ní leo, óir tháinig siadsan faoi dhíon mo thíse.”
9 “Druid siar!” ar siadsan leis agus leanadar orthu á rá: “Níl anseo ach duine iasachta thar tír isteach, agus b'áil leis a bheith ina bhreitheamh! Is measa an íde a thabharfaimid ortsa anois na orthusan!” Agus ansin bhrúdar go dian ar Lót agus dhruid siad i gcóngar an dorais chun é a bhriseadh.
10 Ach shín an bheirt a lámha amach agus tharraing siad Lót chucu isteach, agus dhún an doras.
11 Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.
12 Agus dúirt na fir le Lót: “An bhfuil aon duine eile anseo agat? Do chleamhnaithe, do mhic, d'iníonacha, agus do dhaoine muinteartha go léir sa chathair, beir leat ón áit iad.
13 Óir táimid ar tí an áit seo a scrios mar is éachtach é an liú atá éirithe in aghaidh a mhuintire agus shroich sé i láthair an Tiarna, agus chuir an Tiarna sinn chun é a scrios.”
14 Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
15 Le breacadh an lae bhí na haingil ag brostú Lót agus á rá: “Éirigh, beir leat do bhean agus do bheirt iníon anseo, nó bascfar thú nuair a imreofar pionós ar an gcathair seo.”
16 Ach bhí sé ag déanamh moille agus rug na fir ar láimh air féin agus ar a bhean agus ar a bheirt iníon mar go raibh trua ag an Tiarna dó. Sheoladar amach é agus d'fhágadar lasmuigh den chathair é.
17 Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
18 “Uch, ná habraigí é sin, a fhlatha,” arsa Lót leo.
19 “Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé.
20 Féach anois an chathair sin thall, tá sí cóngarach go leor chun teitheadh chúici agus níl aon toirt inti. Lig dom teitheadh ansiúd - nach beag í? - agus tiocfaidh mé slán le m'anam.”
21 Dúirt sé leis: “Féach, deonaím an fabhar seo duit chomh maith, nach scriosfaidh mé an chathair a luaigh tú.
22 Brostaigh ort! Teith inti isteach mar nach dtig liom aon ní a dhéanamh go mbainfir amach an chathair sin.” Uime sin a tugadh Zoar (Beag) mar ainm ar an gcathair.
23 Bhí an ghrian éirithe de dhroim talún nuair a ghabh Lót isteach i Zoar.
24 Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.
25 Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh.
26 Ach, d'fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di.
27 Agus chuaigh Abrahám go moch ar maidin chun na háite inar sheas sé i láthair an Tiarna.
28 D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.
29 Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.
30 D'imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon.
31 Agus dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Tá ár n‑athair anonn san aois, agus níl fear sa dúiche chun céileachas a dhéanamh linn mar a dhéantar ar fud an domhain mhóir.
32 Téanam, cuirimis ar meisce le fíon é agus luímis leis agus beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”
33 Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon an oíche sin, más ea, agus chuaigh an té ba shine isteach agus luigh sí lena hathair cé nár bhraith sé í ag teacht chun luí leis ná ag imeacht arís.
34 Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Féach, luigh mé aréir le d'athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”
35 Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon arís an oíche sin, más ea, agus d'éirigh an té a ba óige agus isteach léi agus luigh leis cé nár bhraith sé í chuige ná uaidh.
36 Ghabh beirt iníon Lót clann óna n‑athair ar an gcuma sin.
37 Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu.
38 Agus rug an té ab óige mac ar dtug sí Bein Amaí; agus eisean sinsear Beiné Amón an lae inniu.