Geineasas 23 ABN

Tuama na bPatrarc

1 Mhair Sárá céad agus a fiche seacht mbliana; ba é sin an líon blianta saoil a fuair Sárá:

2 agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh.

3 Ansin d'éirigh Abrahám ó láthair a phúire agus dúirt sé le clann Héat:

4 “Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”

5 D'fhreagair clann Héat Abrahám:

6 “Éist linn, a thiarna,” ar siad leis. “Is tú taoiseach Dé inár measc. Cuir do mharbh i dtogha ár dtuamaí; ní dhiúltóidh aon duine againn a thuama duit ná ní choiscfidh ort do mharbh a adhlacadh.”

7 D'éirigh Abrahám ina sheasamh ansin agus shléacht sé go talamh do mhuintir na tíre, do chlann Héat,

8 agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar,

9 d'fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.”

10 Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach.

11 “Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.”

12 Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre.

13 Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: “Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.”

14 Thug Eafrón freagra ar Abrahám:

15 “A thiarna,” ar sé, “éist liom. Paiste talún is fiú ceithre chéad seicil airgid, cad é sin idir mise agus tusa? Déan do mharbh a adhlacadh.”

16 Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.

17 An fearann úd Eafrón i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, an fearann agus an uaimh ann, agus na crainn go léir san fhearann, an dúiche go léir ó cheann ceann, cuireadh i seilbh dhílis

18 Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach.

19 Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán.

20 Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50