Geineasas 5 ABN

Na Patrairc Roimh an Díle

1 Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé.

2 Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.

3 Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.

4 Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

5 Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.

6 Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d'aois ghin sé Eanóis,

7 agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

8 Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

9 Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d'aois, ghin sé Céanán,

10 agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

11 Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.

12 Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael.

13 Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

14 Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás.

15 Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad.

16 Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

17 Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.

18 Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d'aois, ghin sé Eineoc

19 agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha.

20 Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

21 Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach.

22 Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

23 Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad.

24 Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d'imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.

25 Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d'aois ghin sé Láimic.

26 Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

27 Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d'éag sé.

28 Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac

29 agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: “Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n‑oibre.”

30 Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

31 Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

32 Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d'aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50