1 Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”
2 Dúirt sé ansin: “Féach go ndeachaigh mé in aois agus nach bhfuil fios lá mo bháis agam.
3 Gabh chugat do chuid airm dá bhrí sin, do bholgán agus do bhogha agus imigh amach faoi na bánta agus faigh seilg dom.
4 Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”
5 Chuala Ribeacá an chaint sin á rá ag Íosác lena mhac Éasau. Nuair a chuaigh Éasau amach faoi na bánta dá bhrí sin ar thóir seilge dá athair,
6 dúirt Ribeacá lena mac Iacób: “Chuala mé d'athair ag caint le do dheartháir Éasau anois beag agus á rá leis:
7 ‘Tabhair seilg chugam agus déan béile bia blasta dom. Ansin íosfaidh mé agus cuirfidh mé mo bheannacht ort i láthair an Tiarna roimh bhás dom.’
8 Éist liom dá bhrí sin a mhic, agus déan mar a deirim leat.
9 Téigh go dtí an tréad agus beir leat dhá mheannán mhaithe chugam i dtreo go ndéanfainn béile bia blasta díobh mar is maith le d'athair.
10 Agus tabharfaidh tú chun d'athar é i dtreo go n‑íosfaidh sé agus a bheannacht a chur ort roimh bhás dó.”
11 Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.
12 Má tharlaíonn go mbainfidh m'athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.”
13 “Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”
14 D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.
15 Ansin thóg Ribeacá an t‑éadach is fearr a bhí sa teach aici leis an mac ba shine Éasau agus chuir iad ar Iacób an mac ba óige;
16 agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán.
17 Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t‑arán a bhí ullamh aici.
18 Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”
19 D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
20 Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”
21 Ansin dúirt Íosác le Iacób: “Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.”
22 Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: “Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.”
23 Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air.
24 “An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”
25 “Más ea,” arsa Íosác, “tabhair chugam le hithe an tseilg a fuair mo mhac, go gcuirfidh mé mo bheannacht ort.” Thug sé chuige í agus d'ith sé; agus thug sé fíon chuige agus d'ól sé.
26 Ansin dúirt a athair Íosác leis: “Tar i leith chugam a mhic, agus tabhair dom póg.”
27 Tháinig sé i leith chuige agus thug póg dó. Fuair sé mos agus boladh a chuid éadaigh agus bheannaigh é agus dúirt:“An boladh atá ó mo mhac,is cosúil é leis an mboladh ó ghort torthúilar a bhfuil beannacht ón Tiarna.
28 Go dtuga Dia duit de dhrúcht neimhe,agus de mhéith na talún,flúirse arbhair agus fíona!
29 Go ndéana náisiúin seirbhís duitagus go sléachta ciníocha go talamh duit!Bí i gceannas ar do bhráithre;go sléachta mic do mháthar go talamh duit!Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort;go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”
30 Is ar éigean a bhí deireadh ag Íosác ag beannú Iacóib agus Iacób imithe amach óna athair Íosác nuair a tháinig Éasau a dheartháir isteach ón bhfiach.
31 Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: “Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.”
32 D'fhiafraigh a athair Íosác de: “Cé hé thú féin?” D'fhreagair sé: “Mise do mhac, do chéadghin Éasau.”
33 Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: “Cérbh é siúd mar sin,” ar sé, “a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!”
34 Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: “Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.”
35 D'fhreagair sé: “Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.”
36 Dúirt Éasau: “Nach maith mar atá sé tuillte aige Iacób a bheith mar ainm air. Seo an dara huair aige ag fáil buntáiste orm. Sciob sé leis mo cheart sinsearachta, agus seo anois é ag baint mo bheannachta díom.” Agus ar sé: “Ar choimeád tú aon bheannacht domsa?”
37 Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”
38 Dúirt Éasau lena athair: “An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t‑aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.” [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air.
39 D'fhreagair a athair Íosác é ansin mar leanas:“Is fada ó mhéith na talúna bheidh d'áit lonnaithe,agus is fada ón drúcht ó neamh thuas.
40 Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh,agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir.Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach,cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.”
41 Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”
42 Insíodh do Ribeacá an ní a dúirt Éasau an mac ba shine agus chuir sise fios ar Iacób an mac ab óige, agus dúirt leis: “Féach, tá do dheartháir Éasau ag iarraidh sásamh a bhaint asat agus tú a mharú.
43 Anois mar sin a mhic ó, éist le mo ghlór: Éirigh, teith go Lábán mo dheartháir i Hárán
44 agus fan tamall ina fhochair go dtráfaidh fearg do dhearthár,
45 agus go ndéana sé dearmad dá bhfuil déanta agat ina aghaidh; ansin cuirfidh mé fios ort agus tabharfaidh mé ar ais thú on áit sin. Cén fáth go gcaillfinn sibh araon san aon lá amháin?”
46 Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: “Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d'iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?”