Geineasas 50 ABN

1 Ansin chaith Iósaef é féin anuas ar a athair, agus shil deora ar a aghaidh agus phóg é.

2 Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.

3 Chaitheadar daichead lá leis an ngnó, mar go dtógann sé daichead lá an balsamú a dhéanamh. Agus chaoin na hÉigiptigh é ar feadh deich lá agus trí fichid.

4 Nuair a bhí an tréimhse chaointe air thart, labhair Iósaef le teaghlach Fhorainn: “Má táim i bhfabhar in bhur láthair,” ar sé, “cuirigí an teachtaireacht seo i gcluais Fhorainn, le bhur dtoil:

5 Chuir m'athair faoi bhrí na mionn mé. ‘Táimse ar tí báis,’ ar sé, ‘tá uaigh agam a d'oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.’ Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m'athair a chur. Ansin fillfidh mé.”

6 D'fhreagair Forann: “Imigh leat suas agus déan d'athair a adhlacadh mar a chuir sé d'iallach ort a mhionnú dó.”

7 D'imigh Iósaef suas dá bhrí sin chun a athair a adhlacadh agus chuaigh in éineacht leis searbhóntaí uile Fhorainn agus seanóirí uile a theaghlaigh, agus seanóirí uile thír na hÉigipte;

8 agus, chomh maith leo, teaghlach uile Iósaef, agus a dheartháireacha, agus teaghlach a athar, ach gur fágadh a leanaí, a dtréada, agus a dtáinte i dtír Ghoisin.

9 Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í.

10 Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.

11 Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: “Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!” Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait - tá sé lastall den Iordáin.

12 Rinne a chlann mhac leis mar a d'ordaigh sé dóibh.

13 Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.

14 Tar éis dó a athair a adhlacadh, d'fhill Iósaef ar an Éigipt mar aon lena dheartháireacha agus ar ghabh suas leis chun a athair a adhlacadh.

Deireadh Saoil Iósaef

15 Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n‑athair marbh, dúradar: “B'fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.”

16 Chuireadar teachtaireacht dá bhrí sin go dtí Iósaef á rá: “Roimh bhás dó, thug d'athair an t‑ordú seo:

17 ‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.

18 Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: “Seo sinne inár searbhóntaí agat!”

19 Ach d'fhreagair Iósaef: “Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé?

20 Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.

21 Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.” Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh.

22 Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana.

23 Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.

24 Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”

25 Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.”

26 Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d'aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50