Geineasas 46 ABN

1 Chuir Iosrael chun bóthair dá bhrí sin lena raibh aige agus tháinig sé go Béar Seaba. D'ofrail sé íobairtí do Dhia a athar Íosác ansiúd.

2 Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.

3 Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.

4 Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.”

5 Ansin d'fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n‑athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin.

6 Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte - Iacób agus a shliocht go léir -

7 a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt.

8 Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób

9 agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi.

10 Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí.

11 Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

12 Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d'éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b'iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan.

13 Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron.

14 Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael.

15 Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige.

16 Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí.

17 Clann Áiséar: Imneá agus Isveá agus Isví agus Beiríá agus a ndeirfiúr Searach. Clann Bheiríá: Heibir agus Mailcíél.

18 (Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób - seisear déag).

19 Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin.

20 Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.

21 Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.

22 Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad.

23 Clann Dhán: Huisím.

24 Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim.

25 Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.

26 Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh - seisear agus trí fichid ar fad.

27 Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.

Fáilte ó Iósaef agus ó Fhorann

28 Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin,

29 ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad.

30 Dúirt Iosrael le Iósaef: “Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.”

31 Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: “Rachaidh mé suas go Forann,” ar sé, “agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: ‘Mo dheartháireacha agus muintir m'athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam.

32 Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.’

33 Nuair a chuirfidh Forann fios oraibh agus a fhiafróidh sé: ‘Cén ghairm bheatha atá agaibh?’ abraigí leis:

34 ‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50