1 Chuaigh Iacób ar aghaidh agus tháinig sé go dtí tír mhuintir an Oirthir.
2 D'fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair.
3 Chruinnítí na tréada go léir ansiúd agus bhaintí an chloch de bhéal an tobair chun deoch a thabhairt do na caoirigh; ansin chuirtí an chloch ar ais ina háit ar bhéal an tobair.
4 Dúirt Iacób leis na haoirí: “A bhráithre, cad as daoibh?” “As Hárán dúinn,” ar siad.
5 Chuir sé ceist orthu ansin: “An bhfuil aithne agaibh ar Lábán, mac Náchór?” “Tá aithne againn air,” ar siad.
6 “An bhfuil an scéal go maith aige?” ar sé leo. “Tá,” ar siad, “agus sin í a iníon Ráchael ag teacht leis na caoirigh.”
7 Dúirt sé leo: “Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.”
8 “Ní féidir dúinn é,” ar siad, “go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.”
9 Le linn dó a bheith ag caint leo, seo chucu Ráchael le caoirigh a hathar, mar is í ba aoire orthu.
10 A luaithe a chonaic Iacób Ráchael iníon Lábán, deartháir a mháthar, agus caoirigh Lábán, deartháir a mháthar, chuaigh sé suas agus bhain an chloch de bhéal an tobair agus thug uisce do thréad Lábán deartháir a mháthar.
11 Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.
12 D'inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair.
13 Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D'inis Iacób dó gach ar tharla.
14 Dúirt Lábán leis: “Is tú mo chnámh agus m'fheoil féin, is tú sin!” Agus d'fhan sé mí in éineacht leis.
15 Ansin dúirt Lábán le Iacób: “An amhlaidh a chaithfidh tú fónamh domsa in aisce ós tú mo bhráthair? Inis dom cén tuarastal atá uait.”
16 Bhí beirt iníon ag Lábán; Léá a ba ainm don té ba shine agus Ráchael a ba ainm don té a ba óige.
17 Ní raibh aon phreab i súile Léá, ach bhí Ráchael sciamhach dealraitheach,
18 agus bhí Iacób tite i ngrá le Ráchael. D'fhreagair sé: “Oibreoidh mé duit ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael an iníon is óige agat.”
19 “Is fearr dom í a thabhairt duitse ná do dhuine deoranta,” arsa Lábán. “Fan faram.”
20 Rinne Iacób seirbhís ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael, ach ba gheall le cúpla lá an aimsir sin dar leis le barr a ghrá do Ráchael.
21 Ansin dúirt Iacób le Lábán: “Tabhair dom mo bhean, mar tá mo théarma caite anois agus ba mhaith liom luí léi.”
22 Chruinnigh Lábán muintir na háite go léir le chéile agus bhí fleá mhór acu.
23 Le titim na hoíche fuair sé a iníon Léá agus thug chun Iacóib í agus luigh seisean léi.
24 (Thug Lábán a dhaoirseach Zilpeá mar ionailt dá iníon Léá.)
25 Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: “Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?”
26 D'fhreagair Lábán: “An sóisear a thabhairt le pósadh, roimh an sinsear, sin beart nach gnáth a dhéanamh sa tír seo.
27 Críochnaigh seachtain seo na bainise, agus tabharfaidh mé duit an ceann eile chomh maith ar son seirbhís a dhéanamh dom ar feadh seacht mbliana eile.”
28 Rinne Iacób rud air agus chríochnaigh sé an tseachtain agus thug Lábán a iníon Ráchael dó mar bhean.
29 Thug Lábán a dhaoirseach Bileá mar ionailt dá iníon Ráchael.
30 Luigh Iacób le Ráchael chomh maith, agus ghráigh sé Ráchael níos mó na Léá. Chaith sé seacht mbliana eile ag déanamh seirbhíse do Lábán.
31 Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.
32 Ghabh Léá gin agus rug sí mac agus thug sí Reúbaen mar ainm air, “Mar,” a dúirt sí, “d'fhéach an Tiarna ar mo léan, agus beidh grá ag m'fhear dom anois.”
33 Agus ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “Chuala an Tiarna go raibh faillí á déanamh orm, agus thug sé an mac seo dom chomh maith”; agus thug sí Simeon air.
34 Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.
35 Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “An uair seo molfaidh mé an Tiarna.” Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin.