1 Tháinig Abrám ón Éigipt isteach sa Neigib lena bhean agus a raibh aige agus Lót fairis.
2 Bhí Abrám an-saibhir le heallach, le hairgead agus le hór.
3 Ar aghaidh leis de réir a chéile ón Neigib go Béitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth ar dtús idir Béitéil agus Háí
4 mar ar thóg sé altóir roimhe sin. Ghair Abrám ar ainm an Tiarna ansiúd.
5 Agus Lót a bhí ag taisteal fara Abrám, bhí tréada agus eallach agus bothanna leis féin aige
6 i dtreo nár fhéad an talamh iad araon le chéile a chothú mar bhí an iomad maoine acu chun cónaí le chéile.
7 Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin).
8 Dúirt Abrám más ea le Lót: “Ná bíodh aon aighneas idir m'aoirí-sé agus d'aoirí-sé, mar is bráithre sinn.
9 Má ghabhann tusa deiseal, rachadsa tuathal; má ghabhann tusa tuathal rachadsa deiseal.”
10 D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.
11 Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin.
12 Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d'aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom.
13 Drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus peacaigh mhóra in aghaidh an Tiarna.
14 Dúirt an Tiarna le hAbrám tar éis do Lót scaradh leis: “Féach uait ón áit ina bhfuil tú ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar.
15 An talamh go léir a fheiceann tú tabharfaidh mé duit é agus do do shíol go brách.
16 Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!
17 Éirigh agus siúil an tír ó cheann ceann agus ó thaobh taobh, mar tabharfaidh mé duit é.”
18 D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.