Geineasas 48 ABN

Glacann Iacób le Beirt Mhac Iósaef

1 Dúradh le Iósaef tamall ina dhiaidh seo: “Bhuail taom tinnis d'athair.” Thug sé leis a bheirt mhac Manaise agus Eafráim.

2 Nuair a dúradh le Iacób: “Féach, tá do mhac Iósaef tagtha chugat,” chruinnigh Iosrael a neart agus d'éirigh aniar sa leaba.

3 Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm

4 á rá: ‘Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.’

5 Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon.

6 Ach cibé clann a ghinfear uait ina ndiaidh, is leat féin iad; agus beidh ainmneacha a ndeartháireacha orthu sa mhéid a bhaineann le hoidhreacht.

7 Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”

8 Nuair a chonaic Iosrael mic Iósaef, dúirt sé: “Ce hiad sin?”

9 “Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

10 Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.

11 Agus dúirt Iosrael le Iósaef: “Ní raibh aon súil agam go bhfeicfinn do ghnúis arís, ach seo é Dia á dheonú dom do chlann a fheiceáil chomh maith.”

12 Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

13 Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.

14 Shín Iosrael a lámh dheas uaidh amach agus leag í ar cheann an té a ba óige, Eafráim; agus a lámh chlé ar cheann Mhanaise, agus a lámha á gcur thar a chéile aige - ba é Manaise an té ba shine.

15 Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá:“Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc,Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,

16 An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo!Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác.Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”

17 Nuair a chonaic Iósaef a athair ag leagan a láimhe deise ar cheann Eafráim, baineadh stad as. Rug sé greim ar láimh a athar chun í a chur ó cheann Eafráim go ceann Mhanaise.

18 Dúirt Iósaef lena athair: “Ní mar sin is ceart, a athair, é seo an chéadghin; leag do lámh dheas ar a cheann seo.”

19 Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”

20 Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá:“Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad:‘Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!’ ”Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise.

21 Ansin dúirt Iosrael le Iósaef: “Féach, táim ar tí bás a fháil! Ach beidh Dia libhse agus tabharfaidh sé ar ais go tír bhur sinsear sibh.

22 Maidir liom féin, bronnaim ort Seicim, de bhreis ar do dheartháireacha, é siúd a bhain mé de na hAmóraigh le mo chlaíomh agus le mo bhogha.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50