Geineasas 39 ABN

Iósaef san Éigipt

1 Tugadh Iósaef síos chun na hÉigipte. Cheannaigh Póitífear, feidhmeannach le Forann, agus captaen an gharda, é ó na hIsméiligh a thug síos ann é.

2 Bhí an Tiarna le Iósaef agus d'éirigh leis ina ghnóthaí go léir, agus bhí cónaí air i dteach a mháistir, an tÉigipteach,

3 agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,

4 bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram.

5 Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh.

6 D'fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé.Bhí Iósaef córach dathúil,

7 agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”

8 Ach d'eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: “Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh.

9 Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”

10 Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.

11 Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh.

12 Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: “Luigh liom.” Ach d'fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach.

13 Nuair a chonaic sí gur fhág sé a bhrat aici ina láimh agus gur theith sé ón teach,

14 ghlaoigh sí ar a searbhóntaí agus dúirt sí leo: “Féach air sin! Thug sé Eabhrach chugainn chun masla a thabhairt dúinn! Tháinig sé isteach chugam chun luí liom, ach liúigh mé in ard mo chinn,

15 agus nuair a chuala sé mo liú agus mo bhéic, d'fhág sé a bhrat agam agus theith agus d'éalaigh ón teach.”

16 Choinnigh sí an brat ansiúd lena taobh go dtí gur tháinig a mháistir abhaile,

17 agus d'inis sí an scéal céanna dó: “An daor Eabhrach a thug tú dúinn,” ar sí, “tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.

18 Ach a luaithe a ligeas liú asam, in ard mo chinn, d'fhág sé a bhrat agam agus theith on teach amach.”

19 Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: “Mar sin a rinne do shearbhónta liom,” las sé le fearg.

20 Ghabh máistir Iósaef é agus chuir é sa charcair ina gcoimeádtaí príosúnaigh an rí, agus d'fhan sé ansiúd faoi ghlas.

21 Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.

22 Chuir an priomhshéiléir na príosúnaigh eile go léir sa charcair faoi chúram Iósaef; bhí sé i bhfeighil gach gnó a bhí ar siúl ann.

23 Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50