1 Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: “Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.” Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha.
2 Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é.
3 “Mise Iósaef,” arsa Iósaef lena dheartháireacha, “agus an maireann m'athair fós?” Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair.
4 Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: “Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil”; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: “Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte.
5 Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.
6 Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar.
7 Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh.
8 Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m'athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m'uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir.
9 Brostaigí agus téigí abhaile chun m'athar agus abraigí leis: ‘Deir do mhac Iósaef leat: Rinne Dia tiarna díom ar chríocha na hÉigipte go léir; tar chugam anuas agus ná déan aon mhoill:
10 Beidh cónaí ort i ndúiche Ghoisin, agus beidh tú i mo chóngar - tú féin agus do chlann agus clann do chlainne, do tháinte agus do thréada agus do mhaoin go léir;
11 agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.’
12 Agus anois feiceann sibh le bhur súile cinn - sibhse agus mo dheartháir Biniáimin - gur liomsa an béal seo ag caint libh.
13 Ní foláir daoibh a insint do m'athair cad é gradam atá agam san Éigipt agus gach a bhfuil feicthe agaibh. Brostaigí agus tugaigí m'athair anseo anuas.”
14 Ansin chaith sé é féin ar bhráid Bhiniáimin a dheartháir agus ghoil sé agus ghoil Biniáimin ar a bhráidsean.
15 Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis.
16 Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b'áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach.
17 Dúirt Forann le Iósaef: “Abair le do dheartháireacha: ‘Déanaigí mar leanas: Cuirigí ualaí ar bhur mbeithígh iompair agus ar ais libh go tír Chanán.
18 Agus tugaigí libh anseo bhur n‑athair agus bhur dteaghlaigh agus tagaigí ar ais chugam. Tabharfaidh mé togha thalamh na hÉigipte daoibh agus beidh méith na talún mar bhia agaibh.’
19 Agus tabhair an t‑ordú seo dóibh chomh maith: ‘Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n‑athair libh, agus tagaigí!
20 Is cuma daoibh faoi bhur maoin, mar is libhse togha maoine thír na hÉigipte go léir.’ ”
21 Rinne clann Iosrael mar a dúradh leo agus thug Iósaef cóistí dóibh, mar a d'ordaigh Forann, agus lón bóthair.
22 Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin.
23 Agus seo leanas ar chuir sé chun a athar: deich n‑asal agus ualaí d'ollmhaitheasaí na hÉigipte orthu; deich láir agus ualaí orthu d'arbhar agus d'arán agus de bhia agus de lón d'aistear a n‑athar.
24 Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”
25 D'fhágadar an Éigipt dá bhrí sin agus bhaineadar amach tír Chanán agus a n‑athair Iacób.
26 Agus dúradar leis: “Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.” Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad.
27 Ach nuair a d'insíodar dó gach a ndúirt Iósaef leo, agus nuair a chonaic sé na cóistí a chuir Iósaef faoina dhéin, tháinig Iacób an t‑athair chuige féin.
28 Agus dúirt Iosrael: “Is leor sin! Maireann Iósaef mo mhac i gcónaí; rachaidh mé ar a thuairisc roimh bhás dom!”