Geineasas 12 ABN

Glaoch Abrahám

1 Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d'athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.

2 Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

3 Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uileAn domhain iad féin a bheannú.”

4 D'imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d'fhág sé Hárán.

5 Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D'imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán

6 ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd.

7 Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.

8 Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.

9 Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.

Abrám san Éigipt

10 Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.

11 Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort.

12 Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: ‘Sin í an bhean,’ agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa.

13 Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.”

14 Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach.

15 Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn.

16 Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill.

17 Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám.

18 Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í?

19 Cén fáth a ndúirt tú: ‘Is í mo dheirfiúr í,’ i dtreo go ndearna mé mo chuid féin di? Sea anois, sin í do bhean agat! Beir leat í agus imigh!”

20 D'ordaigh Forann buíon fear ina chúram agus chuireadar chun siúil é, é féin agus a bhean agus a raibh aige.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50