Geineasas 25 ABN

Cúrsaí Sleachta: Bás Abrahám

1 Phós Abrahám an dara bean darbh ainm Catúrá,

2 agus rug sí clann dó: Zimreán agus Iocseán agus Madán agus Midián agus Isbeác agus Siúach.

3 Ba é Iocseán athair Shéabá agus Dadán. Ba iad clann Dadán: na hAisiúraím agus na Latúisím agus na Leumaím.

4 Agus is iad clann Mhidián: Éafá agus Éifir agus Hanoch agus Aibídeá agus Ealdá. Clann Chatúrá iadsan go léir.

5 Thug Abrahám a raibh aige do Íosác,

6 ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir.

7 Bhí céad seachtó cúig bliana d'fhad saoil ag Abrahám.

8 Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é.

9 D'adhlaic a chlann mhac Íosác agus Ísmeáél é in uaimh Mhacpaelá i bhfearann Eafrón mac Zóchar an Hiteach, lastoir do Mhamrae,

10 an fearann a cheannaigh Abrahám ó chlann Héat. Adhlacadh Abrahám ansiúd le hais Sárá a bhean.

11 Tar éis bháis d'Abrahám, chuir Dia a bheannacht ar a mhac Íosác, agus bhí cónaí ar Íosác i gcomharsanacht Thobar an Bheo a Fheiceann.

12 Seo síos sliocht Ísmeáél, mac Abrahám, an mac a rug Hágár an tÉigipteach, ionailt Shárá, dó.

13 Seo iad ainmneacha mhac Ísmeáél de réir oird a nginte: Nabáiót céadghin Ísmeáél, agus Caedár, agus Adbael agus Miobsám

14 agus Mismeá agus Dúmá agus Masá,

15 agus Hadad agus Teamá agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá.

16 Sin iad clann mhac Ísmeáél agus a n‑ainmneacha de réir a mbailte agus a láithreacha lonnaithe: dáréag taoiseach ar a gcomhlíon treibheanna.

17 Mhair Ísmeáél céad agus a tríocha seacht mbliana. Ansin chuaigh sé in éag, tháinig an bás air, agus cruinníodh chun a mhuintire é.

18 Bhí cónaí air sa dúiche idir Havalá agus Siúr lastoir den Éigipt ar an mbealach chun na hAsaíre. Bhíodh sé ag spairn lena bhráithre go léir.

Óige Éasau agus Iacób

19 Seo scéala Íosác mac Abrahám inár ndiaidh. Ghin Abrahám Íosác.

20 Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t‑Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach.

21 Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.

22 Bhí na leanaí ag imreas ina broinn, agus dúirt sí: “Más mar sin atá, cad ab áil liom a bheith beo?” Chuaigh sí i gcomhairle leis an Tiarna dá bhrí sin,

23 agus dúirt an Tiarna léi:“Tá dhá náisiún i do bhroinn;Cinfidh dhá chine naimhdeacha uait;Beidh náisiún díobh ina mháistir ar an gceann eile,Agus déanfaidh an sinsear freastal ar an sóisear.”

24 Nuair a tháinig a hionú, sea bhí cúpla ina broinn.

25 An duine ba thúisce acu a saolaíodh, bhí sé rua agus é amhail is a bheadh a chorp fillte i mbrat fionnaidh; uime sin thugadar Éasau air.

26 Ansin rugadh a dheartháir agus greim lena láimh aige ar sháil Éasau; uime sin thugadar Iacób air. Bhí Íosác trí fichid bliain nuair a rugadh iad.

27 Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.

28 B'fhearr le hÍosác Éasau mar go bhfuair sé blas ar an tseilg; ach b'fhearr le Ribeacá Iacób.

29 Lá dá raibh brachán á bhruith ag Iacób, tháinig Éasau isteach ón machaire agus é stiúgtha leis an ocras.

30 Agus dúirt Éasau le Iacób: “Lig dom cuid den bhrachán rua sin a ithe. Táim stiúgtha” - uaidh sin a fuair sé an t‑ainm Eadóm.

31 “Reic liom do cheart sinsearachta ar dtús más ea,” arsa Iacób.

32 “Cén tairbhe domsa mo cheart sinsearachta,” arsa Éasau, “agus an bás ag snámh orm?”

33 “Mionnaigh dom ar dtús é!” arsa Iacób. Thug Éasau a mhionn dó ansin agus dhíol a cheart sinsearachta le Iacób.

34 Ansin thug Iacób arán agus brachán lintile do Éasau; d'ith seisean agus d'ól agus d'imigh leis. Sin a raibh de mheas ag Éasau ar a cheart sinsearachta.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50