Geineasas 30 ABN

1 Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”

2 Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”

3 Agus dúirt sise: “Féach m'ionailt Bileá; luigh léise i dtreo go mbéarfaidh sí clann ar mo ghlúine; tríthise beidh clann agamsa mar an gcéanna.”

4 Thug sí a hionailt Bileá dó mar bhean dá bhrí sin, agus luigh Iacób léi.

5 Ghabh Bileá gin agus rug sí mac do Iacób.

6 Ansin dúirt Ráchael: “Thug Dia breith chóir orm; sea, d'éist sé le mo ghuí agus thug sé mac dom.” Thug sí Dán mar ainm air dá bhrí sin.

7 Ghabh ionailt Ráchael, Bileá, gin arís agus rug an dara mac do Iacób.

8 Ansin dúirt Ráchael: “Throid mé troid Dé le mo dheirfiúr agus rug mé bua.” Thug sí Naftáilí mar ainm air dá bhrí sin.

9 Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean.

10 Rug Zilpeá ionailt Léá mac do Iacób.

11 Ansin dúirt Léá: “Cad é mar chonách!” Uime sin thug sí Gád mar ainm air.

12 Rug Zilpeá ionailt Léá an dara mac do Iacób.

13 Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.

14 Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: “Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.”

15 Ach d'fhreagair Léá: “Nach leor leat m'fhear a bhreith leat, a rá is gur mian leat mandráic mo mhic a bhreith leat mar an gcéanna.” “Más ea,” arsa Ráchael, “luífidh sé leat anocht ar son mhandráic do mhic.”

16 Nuair a d'fhill Iacób ón ngort an oíche sin, chuaigh Léá amach ina choinne á rá: “Caithfidh tú teacht isteach chugamsa mar thug mé mandráic do mhic mar íocaíocht ort.” Luigh sé léi dá bhrí sin an oíche sin.

17 D'éist Dia le Léá agus ghabh sí gin agus rug sí an cúigiú mac do Iacób.

18 Dúirt Léá: “Thug Dia mo thuarastal dom mar gur thug mé m'ionailt do m'fhear.” Thug sí Íosácár air dá réir sin.

19 Ghabh Léá gin arís agus rug sí an séú mac do Iacób.

20 Ansin dúirt Léá: “Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m'fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.” Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin.

21 Rug sí iníon ina dhiaidh sin ar a dtug sí Díneá mar ainm.

22 Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.

23 Ghabh sí gin agus rug sí mac agus dúirt: “Rug Dia mo náire chun siúil.”

24 Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: “Go dtuga an Tiarna mac breise dom.”

Éiríonn Iacób Saibhir

25 Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: “Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin.

26 Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.”

27 Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

28 Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.”

29 D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.

30 Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

31 “Cad a thabharfaidh mé duit?” arsa [Lábán]. “Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,” arsa Iacób; “má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.

32 Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.

33 Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”

34 “Tá go maith,” arsa Lábán. “Bíodh mar a deir tú.”

35 Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac - gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu - agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,

36 agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán.

37 Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.

38 Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce.

39 Chúpláladar dá bhrí sin os comhair na slat agus rugadar óga a bhí riabhach, ballach agus breac.

40 Maidir leis na caoirigh, chuir Iacób i leataobh iad agus thug sé aghaidh na dtréad ar a raibh ballach nó dubh de thréad Lábán; agus chuir sé a thréad féin ar leithrigh agus níor chuir sé le tréad Lábán iad.

41 Nuair a bhíodh balcairí an tréada ag cúpláil, chuireadh Iacób na slata sna humair mar a bhféadfaidís iad a fheiceáil i dtreo go ndeanfaidís cúpláil os comhair na slat.

42 Ach nuair is locarthaigh a bhíodh i gceist, ní chuireadh sé ann iad; ar an gcaoi sin fuair Lábán na locarthaigh agus fuair Iacób na balcairí.

43 D'éirigh Iacób saibhir thar na bearta agus bhí tréada líonmhara, agus daoir agus daoirseacha agus camaill agus asail ina sheilbh aige.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50