Geineasas 14 ABN

Na Ceithre Ríthe

1 Bhí Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásar agus Cadarláómar rí Ealám agus Tiodál rí na nGóím i réim

2 agus d'fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar).

3 Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin).

4 Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de.

5 Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus

6 na Horaigh i Sléibhte Shaeír chomh fada le machaire Éil Párán ar imeall an fhásaigh.

7 Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.

8 Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím

9 ar Chadarláómar rí Ealám, Tiodál rí na nGóím, Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásár; ceathrar rí in aghaidh cúigir.

10 Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

11 Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d'imíodar leo.

12 Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám - bhí cónaí air i Sodom - agus a mhaoin uile, agus d'imíodar leo.

13 Tháinig duine d'fhuíoll an áir go hAbrám an tEabhrach a raibh cónaí air ag Dair Mhamrae an tAmórach, deartháir Eisciol agus Áinéar; bhíodarsan i gcomhar le hAbrám.

14 Ar gclos d'Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán.

15 D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.

16 Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.

Meilcizidic

17 Nuair a d'fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin).

18 Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.

19 Chuir sé a bheannacht air á rá:“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard,cruthaitheoir neimhe agus talún.

20 Moladh le Dia ró-ardmar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.

21 Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: “Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.”

22 Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,

23 ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: ‘Rinne mé fear saibhir d'Abrám.’

24 Ní thógfaidh mé aon ní ach ar ith mo chuid fear agus cion an triúir a ghabh liom - Ainéar, Eisciol agus Mamrae; bíodh a gcion féin acusan.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50