Geineasas 17 ABN

An Conradh agus An Timpeallghearradh

1 Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,

2 agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.”

3 Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:

4 “Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d'athair ar mhórán ciníocha.

5 Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot.

6 Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.

7 Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.

8 Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”

9 Agus dúirt Dia le hAbrahám: “Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin.

10 Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid;

11 déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn.

12 Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.

13 Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d'airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí.

14 An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”

15 “Maidir le Sáraí do bhean,” arsa Dia le hAbrahám, “ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi.

16 Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.”

17 Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”

18 “Ó, mhuise,” arsa Abrahám le Dia, “go maire Ísmeáél féin i d'fhianaise.”

19 “Ní hé sin é,” arsa Dia, “ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí .i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.

20 D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.

21 Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.”

22 Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh.

23 Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis.

24 Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.

25 Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d'aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.

26 Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin,

27 agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50