Geineasas 49 ABN

Beannachtaí Iacóib

1 Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.

2 Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí;éistigí le hIosrael bhur n‑athair.

3 A Reúbaen, is tú mo chéadghinmo neart, céadtoradh m'fhearúlachta.Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,

4 gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar,agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!

5 Deartháireacha Simeon agus Léiví,agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.

6 Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí;nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar,óir mharaíodar daoine le teann feirgeagus speireadar daimh le barr buile.

7 Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaireagus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta.Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacóbagus scaoileadh orthu in Iosrael.

8 A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú;beidh do lámh ar bhráid do naimhdeagus sléachtfaidh clann mhac d'athar duit.

9 Coileán leoin é Iúdá!Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach;agus cromann sé agus luíonn mar leonnó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?

10 Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdáná más an cheannais ó idir a chosa,go dtaga an té ar leis é,dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

11 Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúinagus searrach a lárach dá stoc.Níonn sé a éide i bhfíonagus a chulaith i bhfuil na gcaor;

12 beidh a shúile dearg le fíonagus a dhéada bán le bainne.

13 Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige;beidh sé ina fhoscadh ag loingeasagus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.

14 Asal tréan é Íosácárina luí i measc cróite caorach;

15 tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe,agus gur thaitneamhach é an dúiche;chrom sé a ghualainn don ualach,agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.

16 Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal,mar cheann de threibheanna Iosrael.

17 Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbótharagus ar an gcosán ina nathair adharcach,a bheireann greim ar speir an chapaillagus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil.

18 Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.

19 Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád,ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu.

20 Is saibhir é arán Áiséaragus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí.

21 Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilíagus oisíní gleoite á mbreith aici.

22 Craobh thorthúil é Iósaef,craobh thorthúil le hais an tobair,agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.

23 Thug na saighdeoirí faoi le fíoch,scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,

24 ach bhris neach tréan a mboghaagus scaradh cuislí a lámh ona chéileag láimh Neach Tréan Iacóib,ag ainm Charraig Iosrael,

25 ag Dia d'athar a chabhraíonn leat,ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú,le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos,le beannachtaí cíoch agus broinne,

26 le beannachtaí arbhair agus bláthanna,le beannachtaí na gcnoc cianaosta,le beannachtaí na sléibhte síoraí;go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef,agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.

27 Faolchú craosach é Biniáimin;alpann sé a chreach ar maidin,agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”

28 Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.

Bás agus Adhlacadh Iacóib

29 Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach,

30 san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.

31 Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh -

32 san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.”

33 Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50