Geineasas 16 ABN

Breith Ismeáél

1 Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár.

2 Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.

3 Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d'Abrám í mar bhean.

4 Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás.

5 Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”

6 Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.

7 Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.

8 “A Hágár, a ionailt Sháraí,” ar sé, “cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?” “Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,” ar sí.

9 Dúirt aingeal an Tiarna léi: “Fill ar do mháistreás agus géill di.”

10 Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: “Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.”

11 Agus dúirt aingeal an Tiarna léi:“Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac,agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air,mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.

12 Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé,a dhorn in aghaidh gach duineagus dorn gach duine ina aghaidh,agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”

13 Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.”

14 Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread.

15 Rug Hágár mac d'Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár.

16 Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d'aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d'Abrám.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50