Geineasas 42 ABN

Tagann Deartháireacha Iósaef Chuige

1 Chuala Iacób go raibh arbhar ar díol san Éigipt agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cad a ba áil libh féachaint ar a chéile?

2 Is clos dom, féach!” ar sé, “go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.”

3 D'imigh deichniúr de dheartháireacha Iósaef síos chun arbhar a cheannach san Éigipt.

4 Ach níor chuir Iacób Biniáimin, deartháir Iósaef, lena dheartháireacha. “Ní foláir,” ar sé, “gan aon ní a thitim amach dó.”

5 Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán.

6 Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.

7 Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”

8 Sea, d'aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é.

9 Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: “Spiairí sibh,” ar sé, “agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.”

10 “Ní hea ar aon chor,” ar siad, “ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí.

11 Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

12 “Ní fíor sin,” ar sé leo, “ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.”

13 D'fhreagraíodar: “Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair, agus tá duine nach maireann.”

14 Ach d'fhreagair Iósaef iad: “Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh.

15 Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.

16 Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”

17 Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá.

18 Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;

19 más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

20 Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.” Rinneadar amhlaidh.

21 Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”

22 D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”

23 Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu.

24 D'iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d'fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.

Filleann Clann Iacóib

25 D'ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d'arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.

26 Ansin chuireadar a n‑ualach arbhair ar a gcuid asal agus d'imíodar leo.

27 Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.

28 Dúirt sé lena dheartháireacha: “Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!” Thit an lug ar an lag acu ansin: d'fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: “Ceard é seo a rinne Dia linn?” ar siad.

29 Nuair a d'fhilleadar ar a n‑athair Iacób, i dtír Chanán, d'eachtraíodar dó gach ar tharla dóibh.

30 “An té is tiarna ar an tír,” ar siad, “labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn.

31 Ach dúramar leis: ‘Daoine macánta sinne agus ní spiairí;

32 tá dháréag dearthár againn ann, mic ár n‑athar; tá duine againn nach maireann agus tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair i dtír Chanán.’

33 Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: ‘Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

34 Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugam; ansin is ea a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh agus scaoilfidh mé bhur ndeartháir chugaibh, agus féadfaidh sibh bheith ag margáil sa tír.’ ”

35 Ag folmhú a málaí dóibh, seo spagaí airgid gach duine ina mhála. Nuair a chonaiceadar féin agus an t‑athair na spagaí airgid, tháinig scanradh orthu

36 agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”

37 Ansin dúirt Reúbaen lena athair: “Cead agat mo bheirt mhac a chur chun báis mura dtabharfaidh mé ar ais chugat é; fág fúmsa é agus tabharfaidh mé ar ais chugat é.”

38 Ach d'fhreagair sé: “Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50