Geineasas 11 ABN

Báibil

1 Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.

2 Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.

3 Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil -

4 “Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”

5 Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna.

6 “Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.

7 Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.”

8 Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.

9 Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.

10 Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d'aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann.

11 Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

12 Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach.

13 Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile.

14 Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d'aois ghin sé Éibir.

15 Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

16 Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt.

17 Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

18 Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d'aois ghin sé Reú.

19 Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

20 Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg.

21 Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

22 Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d'aois ghin sé Náchór.

23 Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

24 Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d'aois ghin sé Tearach.

25 Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

26 Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.

27 Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót.

28 D'éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach.

29 Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b'ainm do bhean Abrám agus Milceá a b'ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá.

30 Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh.

31 Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann.

32 Bhí cúig bliana agus dhá chéad d'fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50