Geineasas 22 ABN

Íosác á Íobairt

1 Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.

2 “Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”

3 D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.

4 Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh.

5 Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: “Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.”

6 Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.

7 Dúirt Íosác lena athair Abrahám: “A dhaid,” ar sé. “Anseo dom!” arsa Abrahám. “Seo é an tine,” ar sé, “agus an t‑adhmad, ach cá bhfuil an t‑uan d'íobairt dhóite?”

8 D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.

9 Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.

10 Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú.

11 Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”

12 Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”

13 Ansin d'ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d'ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.

14 Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”

15 Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh:

16 “Mhionnaigh mé dar mise féin - focail an Tiarna iad seo - ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac féin, dom,

17 dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.

18 Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”

19 D'fhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus d'imíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba.

Sliocht Náchór

20 Tamall ina dhiaidh sin fuair Abrahám scéala gur rug Milceá chomh maith clann dá dheartháir Náchór.

21 Úz a chéadghin, Búz a dheartháir, agus Camúél athair Arám, agus

22 Ceisid agus Chazó agus Pioldáis agus Idleáf agus Batúél -

23 ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t‑ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám.

24 Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50