19 Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
20 Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.”
21 Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
22 Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.”
23 Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.
24 Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh.
25 Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.