3 Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann.
4 Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.
5 Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.
6 Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.”
7 Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.
8 Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.
9 Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.