11 Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach,
12 agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin.
13 Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch
14 agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.
15 Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,
16 agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,
17 na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,